Léirmheas le Anton McCabe den bailiúchán fhilíochta Moya Cannon ó Dún Fionnchaidh i nDún na nGall ó dhúchas, (agus an Ómaigh, Thír Eoghan níos déanaí) arna fhoilsiú i bhfeidhmiú (agus le fail ó) Carcanet Books. Scríobh sé é don Tyrone Herald sa seachtain seo thuaidh thart. Le Anton McCabe
Tá leabhar nua filíochta (poetry) i ndiaidh teacht amach a chuireann le saibhreas (richness) liteartha an chontae seo. Is é sin Carrying the Songs le Moya Cannon, file de bhunadh (background) Thír Eoghan, gurb as an Tearmann dá máthair.
Rugadh Moya Cannon i nDún Fionnchaidh i nDún na nGall. Ba Maureen Cannon, nó Campbell faoina hainm féin, a máthair. Tá aithne ar fad ar an teaghlach fán dTearmann.
Is file mór, chomh maith le file Éireannach ar bith atá beo. Tháinig sí chun cinn (forward) go ciúin. Tá trí leabhar scríofa aici thar scór bliain. Muna bhfuil cuid mhór scríofa aici, tá a bhfuil fiúntach (worthwhile). Tá doimhneacht (depth) ina cuid filíochta.
Tá réimse (range) ábhair (material) ann. Téann sí ón bhfealsúnacht (philosophy) teibí (abstract) go cat a bhí ag an teaghlach. Tá suim aici i dteanga (language), agus tuiscint (understanding) aici air. Bfhéidir gur sin mar gur tógadh (reared) le Gaeilge í, agus scríobhann sí i mBéarla.
Tá dán amháin den scoth sa leabhar a labhraíonn leis an Ómaigh, agus an baile ag caoineadh an cheoltóra mór gormachaí (blues) Arty G. Ba roimh bás saige a scríobhadh Carrying the Songs. Ceanglaíonn (ties) an dán ceoltóirí goirmeacha Dheiscirt na Stát Aontaithe, gurb ón Afraic a fuadaíodh (were abducted) a sinsir (ancestors), le lucht na bpréataí (tatty-hokers) as Dún na nGall a chuaigh go Alban. Thug an dá dhream a gcuid ceoil leo. Deir Moya:
It was always those with little else to carry
who carried the songs to Babylon,
to the Mississippi
some of these last possessed less than nothing
did not own their own bodies
yet, three centuries later,
deep rhythms from Africa
stowed in their hearts, their bones,
carry the worlds songs.
Na daoine bochta as a contae dúchas féin girls from Downings and the Rosses/ or boys from Ranafast,, rinne siad an rud céanna.
Tá daoine ann a chreideann go gcaithfidh (must) dán bheith fada, casta (complicated), deacair a léamh agus a thuiscint. Ní hé in aon chor. Is dán beag gearr é Banny, mar a bhfuil idir dúchas (heritage) Thír Eoghan, agus suim i gcúlbhealaigh (by-ways) teangan. Cuireann sé síos ar mháthair Moya agus í sean:
?As a child in Tyrone youd be told
to banny the cat, to stroke it gently,
I suppose it comes from beannaigh she says.
She uses the word for the first time in 80 years, maybe,
As she rhythmically blesses her own old cat
In its own tactile, enduring vernacular.
Tá cúrsaí measctha teangan sna dánta. I dtuaisceart Dhún na nGall, mar a tharla anseo, tháinig Ghaeilge, Béarla agus Albainís (Lowland Scots) le céile. Rinne pobal (people) na hÉireann i gcoitinne (in general) mar a rinne Moya, ach go raibh sise níos fearr ina bhun. Cuireann Our Words síos ar an dóigh gur ghlacamar le teanga na hImpireachta, gur saincheapeamar (customized) é:
and, as the language of conquest
grows cold in statute books,
elsewhere, its words are subsumed
into the grammars of the conquered.
I be, you be, he bees.
Baineann Murdering the Language leis an dóigh gur mheascamar teangacha:
When we whispered in our desks
we spoke our book of invasions –
an unruly wash of Victorian pedantry,
Cromwellian English, Scots,
the jetsam and the beached bones of Irish
a grammarians nightmare.
Tá andúil sa cheoil aici. Is eol sin ón dteideal-dán, agus ó dhánta eile. Críochnaíonn an leabhar le Between the Jigs and the Reels:
The rhythm of Cooleys accordion
which could open the heart of a stone,
John Dohertys dark reels
and the tune that the sea taught him,
the high parts of the road and the underworlds
which only music and time can brave.
Ba cheart do sin duine ar spreagadh (encourage) leis an leabhar uilig a léamh.
Carrying the Songs le Moya Cannon, Carcanet Press £8.95
Mick is founding editor of Slugger. He has written papers on the impacts of the Internet on politics and the wider media and is a regular guest and speaking events across Ireland, the UK and Europe. Twitter: @MickFealty
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.