Dar leis an La Nua, de Sathairn, ag Ard-Fheis speisialta, d’athraigh Conradh na Gaeilge a chuid bunreacht. “Ba é príomhaidhm an Chonartha de réir an tseanbhunreachta ná pobal náisiúnta saor Gaelach a choth ach t? sin athraithe anois go dtí an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann, sa leagan úr”. Dúirt Daithí Mac Carthaigh gur:
Theastaigh uainn go mbeadh aidhm an Chonartha soiléir, sé sin, cur chun cinn na Gaeilge. Ní amháin go bhfuil áit na Gaeilge ag croílár na heagraíochta á hathdheimhniú faoin mbunreacht nua seo, ach fáiltíonn an fhoclaíocht nua roimh Ghaeilgeoirí ó gach cúlra agus ó gach traidisiún le páirt a ghlacadh sa Chonradh, baill aonair agus baill chraoibhe araon, cuma cén dearcadh polaitíochta atá acu, agus is cúis mhór áthais dom an méid sin. Tá seans ann gur bhraith daoine nach mbeidís ar a suaimhneas mar bhaill leis na cuspóirí polaitiúla a bhí sa bhunreacht. Ach má tá tú ar son na Gaeilge, is cuma linn cén tuairimí eile atá ag agat. Más náisiúntóirí, aontachtóirí nó dílseoirí atá i gceist, ní bhaineann sé linn ar chor ar bith [béim forlíontach curtha isteach ann].
Céim stairiúil ata ann gan aon dabht ar bith! níos mo le fail ar bhlag Concubhar!
Mick is founding editor of Slugger. He has written papers on the impacts of the Internet on politics and the wider media and is a regular guest and speaking events across Ireland, the UK and Europe. Twitter: @MickFealty
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.